3 Quotes by Peig Sayers


  • Author Peig Sayers
  • Quote

    Seanabhean is ea mise anois go bhfuil cos léi insan uaigh is an chos eile ar a bruach. Is mó bogradh is cruatan curtha agam díom ón gcéad lá do saolaíodh me go dtí an lá atá inniu ann. Dá mbeadh ’fhios agam go mbeadh a leath, ná a thrian, i ndán dom ní bheadh mo chroí ná m’intinn chomh haerach ná chomh misníúil is do bhí i dtosach mo shaoil.

  • Share

  • Author Peig Sayers
  • Quote

    Ar chualabhair riamh," arsa Eoghain, "ná fanann tráigh le headra agus ní lú mar a fhanfaidh an traein linne. Ní hé seo an tOileán agaibh go bhfanfaidh an naomhóg libh go mbeidh sibh ullamh."Chuir sin imníomh orainn agus bhí gach aoinne ar a dhícheall ag baint an stáisiúin amach. Nuair a shroicheamar é ba dhóigh leat nár cailleadh aoinne riamh, bhí a oiread sin daoine ann. Bhí gach carráiste lán.

  • Share